Bronnadh Seic - Cheque Presentation

I ndiaidh ár nAonach Bácala eagraithe ag Coiste na dTuistí ag deireadh na míosa seo caite bhí bronnadh seic againn ar maidin chun an t-airgead ar fad a bhailíodh thahairt do Leo ...
04-Aibreán-25
Bronnadh Seic - Cheque Presentation

I ndiaidh ár nAonach Bácala eagraithe ag Coiste na dTuistí ag deireadh na míosa seo caite bhí bronnadh seic againn ar maidin chun an t-airgead ar fad a bhailíodh thahairt do Leo & Susan Dixon. Bhí Vicky ó Choiste na dTuistí ann le Príomhoide Cian chun an bronnadh a dhéanamh agus bhí focail bhuíochais ag Leo do chuile dhuine a thacaigh leis an ócáid seo.

€2020 ar fad a bhailíodh agus táimid fíorbhuíoch as an dtacaíocht ar fad a tháinig ó phobal uile na scoile agus ó na scoileanna eile mórthimpeall orainn. Ba léiriú iontach ar an seanfhocal 'Ní neart go cur le chéile' é an ócáid seo agus táimid buíoch do Choiste na dTuistí as a gcuid oibre ar fad.

After the Bake Sale that was organised by the Parents' Association at the end of last month we had a cheque presentation this morning to hand over all the monies raised to Leo & Susan Dixon. Vicky from the Parents' Association was there with Príomhoide Cian to make the presentation and Leo expressed his gratitude to all who supported this event.

€2020 was raised in total and we are extremely grateful for all the support from the whole school community and from the other schools in the locality. This was a great demonstration of the seanfhocal 'Ní neart go cur le chéile' and we appreciate all the hard work of the Parents' Association.

Noll
14 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
22 2026
Saoire na Nollag
Feabh
01 2027
Lá 'le Bríde
Feabh
18 2027
Briseadh meán-téarma an Earraigh
Márta
17 2027
Lá 'le Pádraig
03-DFómh-2026
Ghlac lúthchleasaithe ó Rang 3, 4 & 5 páirt ar an Mháirt sa chéad comórtas reatha in Abhainn Dála agus ba dheas geansaí na scoile a fheiceáil arís i gcomórtas i gcoinne scoileanna eile an chontae.
30-MFómh-2026
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar an Ráiteas um Choimirciú Leanaí agus Measúnacht Phriacail agus úsáid na teimpléid riachtanacha is déanaí. Tá an leagan is déanaí le feiceáil ...
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir