Curiosity Cube le Merck

Bhíomar thar a bheith sásta an Curiosity Cube de chuid Merck a fháiltiú ar ais chugainn i mbliana agus bhí dhá lá iontacha socraithe le bheith againn leo. D'éirigh leo an clár a chur i láthair ar an Déardaoin agus bhain na ranganna uilig ...
07-Meitheamh-25
Curiosity Cube le Merck

Bhíomar thar a bheith sásta an Curiosity Cube de chuid Merck a fháiltiú ar ais chugainn i mbliana agus bhí dhá lá iontacha socraithe le bheith againn leo. D'éirigh leo an clár a chur i láthair ar an Déardaoin agus bhain na ranganna uilig an-taitneamh agus an-tairbhe as a méid a bhí le roinnt ag foireann Merck. Ar an Aoine faraor, bhí gearradh aibhléise agus uisce agus b'éigean dúinn an scoil a dhúnadh.

Chaill ranganna an Aoine amach ar an deis iontach seo mar sin, ach d'fháiltigh Merck roimh daltaí cuairt a thabhairt orthu ar aon nós, agus tháinig 40 nó mar sin chucu i rith na maidine. Bhain na daltaí seo an taitneamh agus an tairbhe chéana is a bhain na daltaí an lá roimhe sin.

Táimid fíorbhuíoch as Merck an cuairt seo a eagrú arís i mbliana agus tá buíochas ar leith le Zunaira agus le Max a d'eagraigh chuile rud. Táimid ag tnúth cheana féin le cuairt na bliana seo chugainn!

We were delighted to once again welcome Merck's Curiosity Cube to the Gaelscoil last week and we had two wonderful days planned for their visit. They managed to deliver Thursday's programme as planned and all the classes enjoyed the fascinating activities presented by the Merck volunteers. On the Friday unfortunately, we had both electricity and water cuts to the school and we had no alternative but to close for the day.

Friday's sessions had to be abandoned and those classes missed out on this wonderful opportunity, but Merck invited pupils to visit in any event, and around 40 or so pupils did so across the morning, enjoying the work as much as the classes had on the previous day.

We are extremely grateful to Merck for arranging to visit again this year and our particular thanks go to Zunaira and Max who organised everything. We are already looking forward to next year's visit!

Márta
17 2026
Lá 'le Pádraig
Márta
20 2026
Lá Oiliúna Foirne
Márta
27 2026
Leathlá na Cásca
Márta
30 2026
Saoire na Cásca
Beal
04 2026
Lá Saoire Bainc
27-Feabh-2026
Tá tuismitheoir dár gcuid ag bailiú airgid ar son Ospís na Leanaí LauraLynn fé láthair. Is féidir tacú lena feachtas ...
05-Feabh-2026
Tháinig TG4 chuig an scoil chun labhairt linn faoin rugbaí. Bhí na páistí ar fheabhas, Maith sibh uilig!
12-Ean-2026
Sin mar a deir an seanfhocal, agus cé nach dócha go bhfuil leath na hoibre déanta, is cinnte go bhfuil tús curtha ar deireadh le tógáil na scoile nua. Is cúis lúcháire agus ceiliúradh é seo dúinn tar éis na blianta ag fanacht ...
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir