Dréacht Pholasaí um Bhia Folláin - Draft Healthy Eating Policy

Mar chuid dár gclár athbhreithnithe rialta ar pholsaithe na scoile beidh an Bord Bainistíochta ag déanamh athbhreithnithe ar an bPolasaí um Bhia Folláin i Mí na Samhna, agus ba mhaith linn bhur n-aiseolas a bhailiú ...
10-Meán Fómhair-25
Dréacht Pholasaí um Bhia Folláin - Draft Healthy Eating Policy

Mar chuid dár gclár athbhreithnithe rialta ar pholsaithe na scoile beidh an Bord Bainistíochta ag déanamh athbhreithnithe ar an bPolasaí um Bhia Folláine i Mí na Samhna, agus ba mhaith linn bhur n-aiseolas a bhailiú le bheith cinnte go mbeidh an polasaí leasaithe ag freagairt do riachtanais phobal uile na scoile. Chuige seo, tá dréacht den pholasaí nua ceangailte thíos agus na hathruithe go léir i ndath dearg ar mhaithe le soiléireacht.

Tá Coiste na dTuistí ag tacú linn bhur n-aiseolas a bhailiú agus má tá tuairimí agat maidir leis na hathruithe seo, nó ar aon mhír eile de a mheastar gur chóir a athrú, is féidir aon mholtaí a sheoladh go coiste@gaelscoilim.ie roimh 01 Samhain.

As part of our regular progamme of review of all school policiesthe Board of Management will be reviewing the Healthy Eating Policy in November, and we would like your feedback to ensure that the amended policy meet the needs of the whole school community. To this end, a draft healthy eating policy is linked below, with all changes marked in red in the interests of clarity.

Coiste na dTuistí are supporting us in collecting your feedback and if you have any comments on the proposed changes, or on any other aspect of the policy, you may send them to coiste@gaelscoilim.ie before the 1st of November.

dréacht_13BiaFollain.pdf

No events found
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
19-Meith-2026
Bhí lá iontach againn ar an Mháirt ar an lá spóirt agus bhain na ranganna uilig sult as an lá amuigh faoin aer. Míle buíochas le M.Katie a d'eagraigh gach rud agus leis na hiardaltaí a tháining ar ais chugainn chun cabhrú ar an lá.
12-Meith-2026
Is maith linn ócáid mhór a chur ar siúl chun slán a fhágáil le Rang 6 and le roinnt blianta anuas tá puball ardaithe ar shuíomh na scoile chuige seo.  Tá ár bpuball féin againn anois ach tá meitheal oibre uainn chun é a ardú.  Tá sé i gceist againn t
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir