Tras-Tíre in Abhann Dála - Cross Country in Avondale

D'imigh foireann reatha na scoile ó Rang 3 - Rang 6 go Abhann Dála inné chun páirt a ghlacadh i gcomórtais reatha le scoileanna eile an chontae agus bhain gach éinne taitneamh as an ócáid. D'éirigh go breá linn le roinnt boinn...
05-Samhain-21
Tras-Tíre in Abhann Dála - Cross Country in Avondale

D'imigh foireann reatha na scoile ó Rang 3 - Rang 6 go Abhann Dála inné chun páirt a ghlacadh i gcomórtais reatha le scoileanna eile an chontae agus bhain gach éinne taitneamh as an ócáid. Seo an chéad uair a ghlac an scoil páirt i gcomórtas reatha dá leithéid agus b'iontach mar thús dúinn é. D'éirigh go breá linn le roinnt boinn bainte amach againn agus comhghairdeas ar leith le buachaillí Rang 3 agus Cailíní Rang 5 a bhain duaiseanna amach ar an lá.

Ár mbuíochas le M.Aoife agus le Susan Dixon as ucht an lá a eagrú dúinn agus táimid ag súil anois le laethanta eile mar seo i rith na bliana.

20211105_135640.jpg

Our school's running team from Rang 3- Rang 6 went to Avondale yesterday to take part in running competitions with schools across the county and everyone really enjoyed the occasion. This was the first time the school participated in an event like this and we really hit the ground running. We did very well with numerous athletes coming home with medals and a particular congratulations goes to the buachaillí from Rang 3 and the cailíní from Rang 5 who won places on the day.

Thanks to M.Aoife and to Susan Dixon for organising the event for us and we ae looking forward to many other days like this throughout the year.

DFómh
26 2026
Briseadh meán-téarma na Samhna
Samh
10 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
14 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
22 2026
Saoire na Nollag
Feabh
01 2027
Lá 'le Bríde
03-DFómh-2026
Ghlac lúthchleasaithe ó Rang 3, 4 & 5 páirt ar an Mháirt sa chéad comórtas reatha in Abhainn Dála agus ba dheas geansaí na scoile a fheiceáil arís i gcomórtas i gcoinne scoileanna eile an chontae.
30-MFómh-2026
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar an Ráiteas um Choimirciú Leanaí agus Measúnacht Phriacail agus úsáid na teimpléid riachtanacha is déanaí. Tá an leagan is déanaí le feiceáil ...
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir