Tús Rathúil le Spóirt na Bliana!

Bhí ár bhfoireann lúthchleasaíochta i mbun comórtais an tseachtain seo in Abhainn Dála (ar an Mháirt) agus chuireadar tús rathúil leis an mbliain romhainn.
29-Meán Fómhair-23
Tús Rathúil le Spóirt na Bliana!

Bhí ár bhfoireann lúthchleasaíochta i mbun comórtais an tseachtain seo in Abhainn Dála (ar an Mháirt) agus chuireadar tús rathúil leis an mbliain romhainn. 9 bhfoireann ar fad a bhí ag rith ar son na scoile, idir buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6. Bhaineadar uile an-sult as an lá agus ar deireadh d'éirigh le buachaillí Rang 5 a rás a bhuachaint - maith sibh a bhuachaillí!

Caithfimid ár mbuíochas a ghabháil le Susan Dixon as ucht an traenáil ar fad, agus le M.Aoife agus M.Kirsten as ucht an lá a eagrú agus as ucht a bheith ann leo chun iad a ghríosadh agus a spreagadh. Maith sibh ar fad. Caithfimid buíochas freisin a ghabháil lenár dtuismitheoirí ar fad a thugann tacaíocht don scoil leis an síntiús clainne. Gan an t-airgead sin, ní bheadh airgead ann chun íoc as na busanna nó na táillí do na comórtais seo. Táimid agus na daltaí fíorbhuíoch díbh uilig.

Mar a bhí anuraidh, tá lúthchleasaithe cumasacha sa scoil againn agus táimid cinnte nach hé seo an t-aon bua a bheirfear ar son na scoile i mbliana - An Ghaelscoil abú!

Our Athletics team took to the field for the first time this year in Avondale (on Tuesday) and they had a successful first outing which bodes well for the year ahead. We had 9 teams in total in action on the day, both buachaillí and cailíní from Rang 3 to Rang 6. They all thoroughly enjoyed their day and in the end they boys of Rang 5 managed to win their race - maith sibh a bhuachaillí!

We must thank Susan Dixon for all her work preparing the athletes, and M.Aoife and M.Kirsten for organising the day and for being there with the pupils to drive them onwards to victory. Well done all. We must also express our gratitude to all the parents who support the school with the family contributions. Without those contributions, there would be no money to pay for the buses and for the fees for competitions like this. We are extremely grateful for all your support.

As was the case last year, we have some very talented athletes in our midst and we are certain that this will not be the only victory we win this year - An Ghaelscoil abú!

No events found
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
19-Meith-2026
Bhí lá iontach againn ar an Mháirt ar an lá spóirt agus bhain na ranganna uilig sult as an lá amuigh faoin aer. Míle buíochas le M.Katie a d'eagraigh gach rud agus leis na hiardaltaí a tháining ar ais chugainn chun cabhrú ar an lá.
12-Meith-2026
Is maith linn ócáid mhór a chur ar siúl chun slán a fhágáil le Rang 6 and le roinnt blianta anuas tá puball ardaithe ar shuíomh na scoile chuige seo.  Tá ár bpuball féin againn anois ach tá meitheal oibre uainn chun é a ardú.  Tá sé i gceist againn t
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir