Sport

28-Aib-2026

FAI

Rinne na cailíní sacar ar fheabhas ag an FAI, Fuaireadar an dara áit sa cluiche ceannais an chontae! Maith sibh uilig!
25-DFómh-2024
Bhí ár bhfoireann lúthchleasaíochta i mbun comórtais an tseachtain seo in Abhainn Dála (ar an Mháirt) agus chuireadar tús rathúil leis an mbliain romhainn. Ranganna 3 -6 a bhí san iomaíocht idir buachaillí agus cailíní a bhí ag rith ar son na scoile.
25-DFómh-2023
Bhí lá rathúil eile againn leis an bhfoireann lúthchleasaíochta in Abhainn Dála inné le buachaillí agus cailíní Rang 3 go Rang 6. Mar is gnáth rinne gach duine a seacht ndícheall agus mar is gnáth bhaineamar roinnt boinn ar an lá.
29-MFómh-2023
Bhí ár bhfoireann lúthchleasaíochta i mbun comórtais an tseachtain seo in Abhainn Dála (ar an Mháirt) agus chuireadar tús rathúil leis an mbliain romhainn.
28-Feabh-2023
Bhí lá rathúil eile ag foireann lúthchleasaíochta na scoile in Abhainn Dála agus d'éirigh leo roinn boinn a bhreith leo. Bhain an fhoireann ar fad an-taitneamh as an iomaíocht agus tá siad uilig ag tnúth go mór leis an gcéad lá eile i Mí Bealtaine.
03-DFómh-2022
Tá tús curtha arís le séasúr peile na bliana faoi stiúr Cumann na mBunscol i gCill Mhantáin. Táimid ag súil mar sin le roinnt blitzeanna a bheith eagraithe do bhuachaillí agus cailíní na hardranganna sna míonna amach romhainn.
27-MFómh-2022
Tá éacht déanta arís ag daltaí na Gaelscoile i gcomórtais tras-tíre in Abhainn Dála inné.  Bhí buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6 ag rith i rásanna sealaíochta i gcoinne scoileanna eile an chontae.  Bhí os cionn 20 foireann ag rith ...
11-Beal-2022
Táimid ag tnúth go mór sa scoil don tseachtain mhór atá romhainn an tseachtain seo chugainn - Seachtain na Rothar.  Is cúis í seo úsáid na rothar a spreagadh agus ba mhaith linn go ndéanfadh gach páiste iarracht rothaíocht nó scútáil ar scoil don tse
11-Beal-2022
Tá na comórtais peile tosnaithe arís i mBaile na Cille tar éis blianta caillte na paindéime, agus is léir nár chaill an Ghaelscoil mian nó meon na peile i rith na mblian deacra úda.  Bhí dhá fhoireann againn ó bhuachaillí Rang 5 & Rang 6 ag imirt an
09-Márta-2022
Mar chuid dár gceiliúradh do Sheachtain na Gaeilge i mbliana tá Coiste na dTuistí i gcomhair le Africa Irish Society of Wicklow (AISW) i ndiaidh ócáid shóisialta a eagrú sa scoil don Sathairn seo (13 Márta).  Beidh deis ag éinne ar mhaith leo ...
01-Márta-2022
Tá Freya Nic Gearailt i Rang 3 ag dul ó neart go neart sna comórtais marcaíochta le déanaí agus bíonn sí ag teacht isteach le duaiseanna go rialta na laethanta seo. Éacht iontach déanta aici i gcomórtas Equestrian Interschools Ireland ...
15-Feabh-2022
Tá nasc láidir leis an scoil le clubanna spóirt an bhaile agus le hAGB ach go háirithe le roinnt dár n-iardhaltaí i ndiaidh aitheantas contae agus idirchontae a bhaint amach leo.  Tosóidh forbairt ar réaltaí an todhchaí an mhí seo le hAcadamh AGB do
05-Samh-2021
D'imigh foireann reatha na scoile ó Rang 3 - Rang 6 go Abhann Dála inné chun páirt a ghlacadh i gcomórtais reatha le scoileanna eile an chontae agus bhain gach éinne taitneamh as an ócáid. D'éirigh go breá linn le roinnt boinn...
13-Meith-2021
Ní raibh an aimsir rómhaith an tseachtain seo caite agus ar deireadh ní rabhamar in ann ach Lá Spóirt a chur ar siúl ach do leath na scoile.  Mar sin, tá an leath eile le déanamh amárach, mar is cosúil go mbeidh an aimsir go ...
22-Meith-2020
De ghnáth, is é an lá spóirt ceann de bhuaicphointí na bliana sa Ghaelscoil agus is ceann de na laethanta é ina fheicimid pobal uile na scoile idir daltaí, múinteoirí agus tuistí le chéile ar shuíomh na scoile ag moladh agus ag ..
No events found
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir