Aonach Bácála - Bake Sale

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach éinne a thacaigh leis an Aonach Bácála ar an Aoine seo caite.  Bhí lá iontach againn agus cuireadh ionadh orainn an oiread sin rudaí milse a bheith seolta isteach ar an lá féin.
24-Márta-25
Aonach Bácála - Bake Sale

Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach éinne a thacaigh leis an Aonach Bácála ar an Aoine seo caite. Bhí lá iontach againn agus cuireadh ionadh orainn an oiread sin rudaí milse a bheith seolta isteach ar an lá féin. Tá buíochas ar leith tuillte ag Coiste na dTuistí as ucht an lá a eagrú agus le daltaí Rang 6 a chabhraigh leo an seastán a rith i rith an lae.

Táimid fós ag comhaireamh an t-airgead ar fad a bhailíodh ar son Leo ach fógrófar an suim dheireanach go gairid. Is féidir a rá cheana áfach gur bailíodh i bhfad níos mó ná mar a raibh súil leis, rud a léiríonn spiorad tacúil na scoile.

Ár mbuíochas freisin leis na tuistí a thacaigh linn an puball nua a ardú - ba chleachtadh maith é seo do oíche Rang 6 ag deireadh na bliana.

We would like to thank everyone who supported the Bake Sale last Friday. We had a wonderful day and we were amazed at the volume of sweet things that were sent in on the day. Coiste na dTuistí in particular deserve great praise for organising the whole day and we should also mention Rang 6 who helped run the sale on the day.

We are still calculating the total amount raised on behalf of Leo but the final count will be announced shortly. We can state with confidence however that the amount collected was far is excess of our expectations, which goes to show the wonderful spirit of solidarity within the school community.

We must also thank the parents who helped us raised the new marquee - a great dry run for the Rang 6 graduation night at the end of the year.

No events found
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
19-Meith-2026
Bhí lá iontach againn ar an Mháirt ar an lá spóirt agus bhain na ranganna uilig sult as an lá amuigh faoin aer. Míle buíochas le M.Katie a d'eagraigh gach rud agus leis na hiardaltaí a tháining ar ais chugainn chun cabhrú ar an lá.
12-Meith-2026
Is maith linn ócáid mhór a chur ar siúl chun slán a fhágáil le Rang 6 and le roinnt blianta anuas tá puball ardaithe ar shuíomh na scoile chuige seo.  Tá ár bpuball féin againn anois ach tá meitheal oibre uainn chun é a ardú.  Tá sé i gceist againn t
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir