Comórtas FAI5

14-Márta-25
Comórtas FAI5

Ghlac an scoil páirt arís i mbliana i gcomórtas sacair 5-an-taobh de chuid an FAI thíos i Lamberton an tseachtain seo, agus bhain na himreoirí ar fad an-taitneamh as na cluichí i gcoinne scoileanna eile an cheantair. Bhí trí fhoireann ar fad againn idir cailíní agus buachaillí agus rinne siad ar fad an-iarracht ar son na scoile. Chaill foireann na mbuachaillí amach ag an gcluiche leath-cheannais ar chiceanna éirice Dé Máirt faraor - mí ádh libh a bhuachaillí.

Ar an Luan áfach rinne foireann na gcailíní éacht agus bhuaigh siad an comórtas ar fad, agus gach uile cluiche a d'imir siad. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad babhta anois sna Clocha Liath i gceann cúpla seachtain eile agus táimid an-muiníneach anois go ndtógfaidh siad céim eile i dtreo an Aviva. An Ghaelscoil abú!

The school participated in the FAI's 5-a-side soccer competition again this year over in Lamberton this week and all the players enjoyed the matches against other schools in the locality. We had three teams in total competing both girls and boys and they all did their best for the school jersey. Unfortunately, the boys lost out at the semi-final stage on penalties on Tuesday - hard luck lads!

On the Monday however, the girls were exceptional and they won the whole thing outright, winning every match they played. They will now progress to the next round up in Greystones in a few weeks and confidence is growing that they will take another step on the road to the Aviva then. An Ghaelscoil abú!

No events found
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
19-Meith-2026
Bhí lá iontach againn ar an Mháirt ar an lá spóirt agus bhain na ranganna uilig sult as an lá amuigh faoin aer. Míle buíochas le M.Katie a d'eagraigh gach rud agus leis na hiardaltaí a tháining ar ais chugainn chun cabhrú ar an lá.
12-Meith-2026
Is maith linn ócáid mhór a chur ar siúl chun slán a fhágáil le Rang 6 and le roinnt blianta anuas tá puball ardaithe ar shuíomh na scoile chuige seo.  Tá ár bpuball féin againn anois ach tá meitheal oibre uainn chun é a ardú.  Tá sé i gceist againn t
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir