Gaeilgeoir na Seachtaine.

Don chéad uair le dhá bhliain anuas, d'éirigh linn Gaeilgeoir na Seachtaine a bhronnadh ar na Gaeilgeoirí is díograisí sa scoil, os comhair na scoile uilig ar an gclós.  Bhí ríméad orainn gach duine a fheiceáil bailithe le chéile don chéad uair ó thú
27-Márta-22
Gaeilgeoir na Seachtaine.

Don chéad uair le dhá bhliain anuas, d'éirigh linn Gaeilgeoir na Seachtaine a bhronnadh ar na Gaeilgeoirí is díograisí sa scoil, os comhair na scoile uilig ar an gclós. Bhí ríméad orainn gach duine a fheiceáil bailithe le chéile don chéad uair ó thús na paindéime agus ba ardú meanma dúinn uile ceiliúradh ceart a dhéanamh ar dhea-iarrachtaí na Gaeilgeoirí an tseachtain seo.

Ba dheas dúinn filleadh ar na sean-nósanna a mhair le os cionn fiche bliain agus thacaigh an aimsir fiú linn ar an lá!

Táimid uile lán-sásta slán a fhágáil leis an Zoom pé scéal!

Treise le na buaiteoirí ar fad an tseachtain seo agus táimid ag súil le roinnt laethanta grianmhara eile amach anseo sna míonna romhainn.

For the first time in two years we were able to hold our Gaeilgeoir na Seachtaine ceremony to award the most diligent Gaeilgeoirí this week together as a school on the clós. We were all delighted to be able to gather together for the first time since the start of the pandemic and it really raised everyone's spirits to be able to properly celebrate the efforts of our Gaeilgeoirí this week.

It was great to return to our traditional events that served us so well for over twenty years and even the weather smiled on us on the day!

We're all happy to see the end of the Zoom at any rate!

Congratulations to all this week's winner and we are looking foward to many more sunny celebrations in the weeks and months ahead.

Feabh
02 2026
Lá 'le Bríde
Feabh
19 2026
Briseadh meán-téarma an Earraigh
Márta
17 2026
Lá 'le Pádraig
Márta
20 2026
Lá Oiliúna Foirne
Márta
27 2026
Leathlá na Cásca
12-Ean-2026
Sin mar a deir an seanfhocal, agus cé nach dócha go bhfuil leath na hoibre déanta, is cinnte go bhfuil tús curtha ar deireadh le tógáil na scoile nua. Is cúis lúcháire agus ceiliúradh é seo dúinn tar éis na blianta ag fanacht ...
01-Noll-2025
Tá Mí na Nollag buailte linn agus bhí na síóga istigh thar an deireadh seachtaine is cosúil ag ullmhú grotto na Nollag don chuairteoir speisialta ar 16 Nollaig. Táimid uile ar bís bualadh leis an bhfear mór dearg anois.
01-DFómh-2025
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar pholasaí agus ar ráiteas chonsanta leanaí agus ar ráiteas agus measúnú riosca um chumhdach leanaí na scoile agus tá na leaganacha reatha le feiceáil anois ...
11-MFómh-2025
Bhí an dara clár soghluaisteachta de chuid Erasmus+ KA210 “Teiripe Trí Spraoi” á reáchtáil ag Gaelscoil an Inbhir Mhóir an tseachtain seo caite. D'oibrigh muid go dlúth lenár gcomhpháirtithe ón nGréig, ón Spáinn agus ón Tuirc ...
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir