Lá / Seachtain Spóirt

De ghnáth, is é an lá spóirt ceann de bhuaicphointí na bliana sa Ghaelscoil agus is ceann de na laethanta é ina fheicimid pobal uile na scoile idir daltaí, múinteoirí agus tuistí le chéile ar shuíomh na scoile ag moladh agus ag ..
22-Meitheamh-20
Lá / Seachtain Spóirt

De ghnáth, is é an lá spóirt ceann de bhuaicphointí na bliana sa Ghaelscoil agus is ceann de na laethanta é ina fheicimid pobal uile na scoile idir daltaí, múinteoirí agus tuistí le chéile ar shuíomh na scoile ag moladh agus ag spreagadh na ndaltaí agus iad i mbun gníomhaíochtaí spraíúla spórtúla. Faroar i mbliana, de bharr na géarchéime sláinte, ní bheidh an deis againn éachtaí na ndaltaí a cheiliúradh mar is gnáth, ach, tá M.Pól i ndiaidh clár spóirt a chur le chéile gur féidir libh a dhéanamh sa bhaile.

Tá bhur múinteoirí i ndiaidh na sonraí a sheoladh chugaibh agus tá súil againn go mbainfidh na daltaí spraoi agus sonas as tabhairt fúthu. An rud is tábhachtaí ná go mbainfeadh gach daltaí páirt iontu agus b'fhéidir gur féidir leis an teaghlach ar fad cuidiú leo nó b'fhéidir fiú comórtas a dhéanamh sa bhaile leo.

Fáiltímid roimh fhíseáin agus grianghraif daoibh i mbun na ngnímh agus beidh duaiseanna do na hiarrachtaí is fearr i ngach rang.

Ag braith ar an aimsir agus na rudaí ar fad eile a d'fhéadfadh bheith ar siúl sa bhaile agaibh, tabharfar go dtí an Aoine gach ghníomh a chríochnú, seachas iad a dhéanamh aon lá ar leith, mar a bheadh i gceist leis an lá spóirt ar scoil.

Go n-éirí libh agus go raibh spraoi agus sonas agaibh ar fad!

Usually, the Lá Spóirt is one of the highlights of the year in the Gaelscoil and it is one of the few days where the whole school community can gather together in the school to cheer on and support the pupils as they strive in the various fun sporting events. Unfortunately, this year, as a result of the health crisis, we will not get the chance to celebrate the children's sporting successes as we normally would, but M.Pól has put together a programme of sporting events that you can all try at home.

Your teachers have sent on the details and we hope that the pupils will all enjoy engaging with them. The most important thing is that everyone takes part and maybe the whole family could get involved to make a competition at home.

We would love to see videos or photos of you all working at the challenges and there will be prizes for the best efforts in each class.

Depending on the weather and all the other things you have going on at home, we will give until Friday to complete all these activities, rather than doing them all on one day as we would if it were school sports day.

We hope you all excel at these event and remember to have fun!

Márta
17 2026
Lá 'le Pádraig
Márta
20 2026
Lá Oiliúna Foirne
Márta
27 2026
Leathlá na Cásca
Márta
30 2026
Saoire na Cásca
Beal
04 2026
Lá Saoire Bainc
27-Feabh-2026
Tá tuismitheoir dár gcuid ag bailiú airgid ar son Ospís na Leanaí LauraLynn fé láthair. Is féidir tacú lena feachtas ...
05-Feabh-2026
Tháinig TG4 chuig an scoil chun labhairt linn faoin rugbaí. Bhí na páistí ar fheabhas, Maith sibh uilig!
12-Ean-2026
Sin mar a deir an seanfhocal, agus cé nach dócha go bhfuil leath na hoibre déanta, is cinnte go bhfuil tús curtha ar deireadh le tógáil na scoile nua. Is cúis lúcháire agus ceiliúradh é seo dúinn tar éis na blianta ag fanacht ...
Teagmháil / Contact
Gaelscoil an Inbhir Mhóir,
Bóthar Emoclew,
An t-Inbhear Mór,
Co. Chill Mhantáin,
Eire

0402 39199


Suíomh / Location
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir