Lá Spóirt - Sports Day

Ní raibh an aimsir rómhaith an tseachtain seo caite agus ar deireadh ní rabhamar in ann ach Lá Spóirt a chur ar siúl ach do leath na scoile.  Mar sin, tá an leath eile le déanamh amárach, mar is cosúil go mbeidh an aimsir go ...
13-Meitheamh-21
Lá Spóirt - Sports Day

Ní raibh an aimsir rómhaith an tseachtain seo caite agus ar deireadh ní rabhamar in ann ach Lá Spóirt a chur ar siúl ach do leath na scoile. Mar sin, tá an leath eile le déanamh amárach, mar is cosúil go mbeidh an aimsir go hálainn arís ar an Luan. Mar sin, ba chóir a chinntiú go mbeidh dóthain uisce ag na daltaí agus uachtar gréine freisin mar is cosúil gur lá breá gréine eile atá romhainn.

Táimid buíoch as na traenálaithe spóirt ar fad a thacaigh linn ar an Aoine agus a thacóidh linn amárach agus dar ndóigh leis na hiarscoláirí atá istigh linn le cúpla seachtain anuas. Go mbaine na daltaí ar fad taitneamh as an lá!

The weather had not been kind to us last week and in the end we were only able to run one Lá Spóirt for half of the children. Therefore, we will be doing the other half tomorrow, as it seems the weather is due to be lovely again on Monday. Please make sure that the children have plenty of extra water for the day and of course suncream as well, as another beautilful sunny day is forecast.

We would like to acknowledge the support of all of our external trainers who came in to run stations for the children on Friday and will do so again tomorrow and of course to all of our past pupils who have been in helping us for the last few weeks. We hope the children all enjoy tomorrow's events.

DFómh
26 2026
Briseadh meán-téarma na Samhna
Samh
10 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
14 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
22 2026
Saoire na Nollag
Feabh
01 2027
Lá 'le Bríde
03-DFómh-2026
Ghlac lúthchleasaithe ó Rang 3, 4 & 5 páirt ar an Mháirt sa chéad comórtas reatha in Abhainn Dála agus ba dheas geansaí na scoile a fheiceáil arís i gcomórtas i gcoinne scoileanna eile an chontae.
30-MFómh-2026
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar an Ráiteas um Choimirciú Leanaí agus Measúnacht Phriacail agus úsáid na teimpléid riachtanacha is déanaí. Tá an leagan is déanaí le feiceáil ...
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir