Meitheal Pubaill

Is maith linn ócáid mhór a chur ar siúl chun slán a fhágáil le Rang 6 and le roinnt blianta anuas tá puball ardaithe ar shuíomh na scoile chuige seo.  Tá ár bpuball féin againn anois ach tá meitheal oibre uainn chun é a ardú.  Tá sé i gceist againn t
12-Meitheamh-26
Meitheal Pubaill

Mar is eol daoibh, is maith linn ócáid mhór a chur ar siúl chun slán a fhágáil le Rang 6 and le roinnt blianta anuas tá puball ardaithe ar shuíomh na scoile chuige seo. Tá ár bpuball féin againn anois ach tá meitheal oibre uainn chun é a ardú. Tá sé i gceist againn tabhairt faoin obair seo ar an Aoine seo chugainn 19 Meitheamh ó 6-8pm. Tá fiche duine láidir uainn é seo a dhéanamh go pras.

Tuigimid a ghnóthaí is atá sibh an tráth seo bliana, ach impímid oraibh an t-am seo thabhairt más féidir in aon chor, ar mhaithe le slán ceart croíúil a fhágáil le Rang 6. Faraor, beidh orainn machnamh a dhéanámh ar an oíche mhór a chur ar ceal mura n-éiríonn linn an puball a ardú ar an lá sin.

Le bhur dtoil, seol r-phost ar tuisti@gaelscoilim.ie le léiriú go mbeidh tú (nó duine eile i d'áit) i láthair ar an Aoine sin le cabhrú linn.

As you all know, we like to send off our Rang 6 graduates in style every year and in previous years we have erected a marquee on the school grounds to stage this important event. The school has now invested in our own marquee but we need volunteers to assist in putting it up. We plan to do this on Friday 19th of June from 6-8pm. We need 20 able bodied adults to do this as quickly as possible.

We understand that you are all busy this time of year, but we would ask you to set aside this time if you can, to make sure Rang 6 get the send off they deserve. Unfortunately, we will have to consider cancelling the big night if we do not manage to raise the marquee on that day.

Please send an email to tuisti@gaelscoilim.ie to indicate that you (or someone on your behalf) will come on that Friday to help.

DFómh
26 2026
Briseadh meán-téarma na Samhna
Samh
10 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
14 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
22 2026
Saoire na Nollag
Feabh
01 2027
Lá 'le Bríde
03-DFómh-2026
Ghlac lúthchleasaithe ó Rang 3, 4 & 5 páirt ar an Mháirt sa chéad comórtas reatha in Abhainn Dála agus ba dheas geansaí na scoile a fheiceáil arís i gcomórtas i gcoinne scoileanna eile an chontae.
30-MFómh-2026
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar an Ráiteas um Choimirciú Leanaí agus Measúnacht Phriacail agus úsáid na teimpléid riachtanacha is déanaí. Tá an leagan is déanaí le feiceáil ...
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir