Oíche Mhór Rang 6

Bhí Oíche na nGradam againn aréir don dá rang iontach Rang 6 atá ag fágáil i mbliana agus bhain gach éinne, idir tuistí, seanthuistí, baill foirne agus dar ndóigh na daltaí féin an-taitneamh as an oíche ...
24-Meitheamh-25
Oíche Mhór Rang 6

Bhí Oíche na nGradam againn aréir don dá rang iontach Rang 6 atá ag fágáil i mbliana agus bhain gach éinne, idir tuistí, seanthuistí, baill foirne agus dar ndóigh na daltaí féin an-taitneamh as an oíche. Bhaineamar uile sult agus greann as a bheith ag cuimhneamh siar ar na blianta fada a chaitheamar ag obair leis an dá rang seo agus tá súil againn gur cuimhní dearfacha a tabharfaidh na daltaí seo leo agus iad ag díriú ar an gcéad chéim eile san Fhómhar.

Faraor, níor éirigh leis na daltaí an ceann is fearr a fháil ar na múinteoirí is na tuistí, ach ní haon náire é sin, mar níor éirigh le haon rang rompu ach oiread.

Táimid fíor-bhuíoch de Choiste na dTuistí a rinne an oiread sin ullmhúcháin roimh ré le cinntiú go mbeadh oíche álainn ann do chuile dhuine. Gan an ionchar ó Sarah, Vicky, Alison, Gail agus an coiste eile ar fad ní bheadh sé ar chumas na scoile ócáid mar seo a rith. Gabhaimid ár mbuíochas freisin le Máire agus Michael ár rúnaí agus ár bhfeighlí a ghlac ceannasaíocht ar gach rud a eagrú agus don meitheal a chabhraigh an puball ar ardú tráthnóna Dé Domhnaigh. Caithfear ár mbuíochas a ghabáil freisin le Arklow United as ucht an suíomh a thabhairt dúinn don tráthnóna, agus as ucht an puball a bhaint maidin amárach dúinn.

Ní neart go cur le chéile!

We held our Rang 6 Graduation night last night for the two wonderful Rang 6 classes leaving us this year, and everyone from parents, grandparents, staff and of course the pupils themselves all enjoyed the evening. We remembered with humour and fondness the many years we have spent working with these two classes and we hope that it is those positive memories they bring with them as they prepare for the next big step in their educational journeys in the autumn.

Unfortunately, the pupils did not manage to overcome the combined might of the múinteoirí and the parents, but there's no shame in that, as neither did any class before them.

We are extremely grateful to Coiste na dTuistí for all their preparations in advance to ensure evryone enjoyed a wonderful evening. Without the efforts of Sarah, Vicky, Alison, Gail and the rest of the coiste, the school would simply not be able to run an event like this. We also would like to thank Máire and Michael our secretary and our caretaker who organised everything and to all the volunteers who raised the marquee on Sunday evening. We must also thank Arklow United for making the facilities available to us on the evening and for taking down the marquee tomorrow morning.

Many hands make light work!

No events found
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
19-Meith-2026
Bhí lá iontach againn ar an Mháirt ar an lá spóirt agus bhain na ranganna uilig sult as an lá amuigh faoin aer. Míle buíochas le M.Katie a d'eagraigh gach rud agus leis na hiardaltaí a tháining ar ais chugainn chun cabhrú ar an lá.
12-Meith-2026
Is maith linn ócáid mhór a chur ar siúl chun slán a fhágáil le Rang 6 and le roinnt blianta anuas tá puball ardaithe ar shuíomh na scoile chuige seo.  Tá ár bpuball féin againn anois ach tá meitheal oibre uainn chun é a ardú.  Tá sé i gceist againn t
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir