Peil i mBaile na Cille

Tá na comórtais peile tosnaithe arís i mBaile na Cille tar éis blianta caillte na paindéime, agus is léir nár chaill an Ghaelscoil mian nó meon na peile i rith na mblian deacra úda.  Bhí dhá fhoireann againn ó bhuachaillí Rang 5 & Rang 6 ag imirt an tseachtain seo caite ...
11-Bealtaine-22
Peil i mBaile na Cille

Tá na comórtais peile tosnaithe arís i mBaile na Cille tar éis blianta caillte na paindéime, agus is léir nár chaill an Ghaelscoil mian nó meon na peile i rith na mblian deacra úda. Bhí dhá fhoireann againn ó bhuachaillí Rang 5 & Rang 6 ag imirt an tseachtain seo caite agus níor chailleadar ach cluiche amháin eatarthu. Bhain gach aon duine taitneamh as dul in iomaíocht le scoileanna eile an cheantair agus táimid ag tnúth go mór le foirne buacacha na gcailíní a fháiltiú ar ais chun scoile tar éis éacht mar é a dhéanamh ar an Déardaoin seo.

Ár mbuíochas le M.Aoife & M.Laura as ucht chuile rud a eagrú agus as ucht a gcuid iarrachtaí leis na foirne ar fad. An Ghaelscoil abú!

The football competitions have started up again in Ballinakill after two years lost due to the pandemic, and it is clear that the Gaelscoil haven't lost their touch during those difficult years. We had two teams from buachaillí Rang 5 & Rang 6 playing last week and they only lost one game between the two of them. Everyone enjoyed going up against the other schools in the area and we are looking forward to welcoming back more victorious teams this week when the cailíní pull on their jerseys this Thursday.

Thanks to M.Aoife & M.Laura for organising everything and for all their work with all the teams. An Ghaelscoil abú!

DFómh
26 2026
Briseadh meán-téarma na Samhna
Samh
10 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
14 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
22 2026
Saoire na Nollag
Feabh
01 2027
Lá 'le Bríde
03-DFómh-2026
Ghlac lúthchleasaithe ó Rang 3, 4 & 5 páirt ar an Mháirt sa chéad comórtas reatha in Abhainn Dála agus ba dheas geansaí na scoile a fheiceáil arís i gcomórtas i gcoinne scoileanna eile an chontae.
30-MFómh-2026
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar an Ráiteas um Choimirciú Leanaí agus Measúnacht Phriacail agus úsáid na teimpléid riachtanacha is déanaí. Tá an leagan is déanaí le feiceáil ...
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir