Rith Tras-tíre Abhainn Dála - Avondale Cross Country

Tá éacht déanta arís ag daltaí na Gaelscoile i gcomórtais tras-tíre in Abhainn Dála inné.  Bhí buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6 ag rith i rásanna sealaíochta i gcoinne scoileanna eile an chontae.  Bhí os cionn 20 foireann ag rith ...
27-Meán Fómhair-22
Rith Tras-tíre Abhainn Dála - Avondale Cross Country

Tá éacht déanta arís ag daltaí na Gaelscoile i gcomórtais tras-tíre in Abhainn Dála inné. Bhí buachaillí agus cailíní ó Rang 3 go Rang 6 ag rith i rásanna sealaíochta i gcoinne scoileanna eile an chontae. Bhí os cionn 20 foireann ag rith i gcuid de na rásanna agus bhí ár ndaltaí thar a bheith iomaíoch. Ar deireadh d'éirigh le foireann na Gaelscoile 5 bhonn ar fad a bhuachaint.

Bhain cailíní rang 3 an chéad áit amach ina rás. Maith sibh Shenna, Allie, Chloe & Jodi. D'éirigh le cailíní Rang 4 an tríú áit a bhaint amach freisin. Maith sibh Aoife, Freya, Jessica & Fíadh. Thóg buachaillí Rang 4 céim níos faide agus bheir siad leo an dara háit. Comhghairdeas le Caoimhín, Keelan, James & Carter. Tháinig Cailíní Rang 6 sa dara háit freisin agus is iad Lily Jo, Sophie Katie agus Layla a rinne an beart. Sa rás deiridh ansin bhain buachaillí Rang 6 an tríú áit amach. Maith sibh Cian, Ethan, Rayco agus Fionnán.

Bhí lá iontach againn agus táimid ag tnúth leis an gcéad lá eile cheana féin. Caithfimid ár míle buíochas a ghabháil le Susan Dixon agus Jacqueline Heaney as ucht an traenála ar fad a rinne siad leis na daltaí, agus le M.Aoife agus M.Kirsten as ucht teacht linn ar an lá. Ár mbuíochas freisin don tacaíocht a thagann ó thuistí na scoile chuile bhliain - rud a d'íoc as na geansaithe agus as an bus agus as míle rudaí beaga eile. Gan an tacaíocht seo, ní bheadh an deis ag na lúthchleasaithe seo a gcumais a léiriú os comhair scoileanna an chontae. Maith sibh uilig!

The pupils of the Gaelscoil had a run-away success in the Cross Country races in Avondale yesterday. Boys and girls from Rang 3 to Rang 6 were running in relays against other school from across the county. There were more than 20 teams running in some of the races and our pupils were extremely competetive. In the end the Gaelscoil's team managed to bring home 5 medals.

The girls in Rang 3 finished first place in their race. Well done Shenna, Allie, Chloe and Jodi. The girls in Rang 4 finished third - so maith sibh Aoife, Freya, Jessica & Fíadh. The boys in Rang 4 went one better and took second place in their race. Congratulations to Caoimhín, Keelan, James and Carter. The girls in Rang 6 also finished second and it was Lily Jo, Sophie, Katie and Layla that took the honours there. In the final race the boys in Rang 6 finished in third place. Well done Cian, Ethan, Rayco & Fionnán.

We all had a great day and are already looking forward to the next outing. We must thank Susan Dixon and Jacqueline Heaney for all their hard work preparing the teams and M.Aoife and M.Kirsten who came with us on the day. We also thank all the support we get from the parents every year which ultimately pays for the jersey, the buses and all the other things that go into a day like today. Without all this support, these wonderful athletes would not have had the chance to show their talents before the whole country. Thanks to everyone.

No events found
12-Meith-2026
Is maith linn ócáid mhór a chur ar siúl chun slán a fhágáil le Rang 6 and le roinnt blianta anuas tá puball ardaithe ar shuíomh na scoile chuige seo.  Tá ár bpuball féin againn anois ach tá meitheal oibre uainn chun é a ardú.  Tá sé i gceist againn t
02-Meith-2026
Muchas gracias Diego agus an fhoireann ar fad in San Isidro Labrador as an LTTA deireanach dár dtionscadal Therapy Through Play in Cuevas del Campo na Spáinne. ???????????????? Muchas gracias to our host Diego and all the staff at San Isidro Labrad
02-Meith-2026
Lá cultúrtha - turas an ghrúpa chuig Alhambra agus ardeaglais San Antonio mar chuid den tionscadal erasmus+ Therapy Through Play. Culture day - group trip to Alhambra and San Antonio cathedral in Granada yesterday as part of the erasmus+ Therapy Th
20-Beal-2026
Tá Bord Bainistíochta Ghaelscoil an Inbhir Mhóir i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an bpolasaí Bí Cineálta. Tá an leagan leasaithe den pholasaí le feiceáil ar an suíomh idirlíne anseo.
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir