Seachtain na Gaeilge

Mar chuid dár gceiliúradh do Sheachtain na Gaeilge i mbliana tá Coiste na dTuistí i gcomhair le Africa Irish Society of Wicklow (AISW) i ndiaidh ócáid shóisialta a eagrú sa scoil don Sathairn seo (13 Márta).  Beidh deis ag éinne ar mhaith leo ...
09-Márta-22
Seachtain na Gaeilge

Mar chuid dár gceiliúradh do Sheachtain na Gaeilge i mbliana tá Coiste na dTuistí i gcomhair le Africa Irish Society of Wicklow (AISW) i ndiaidh ócáid shóisialta a eagrú sa scoil don Sathairn seo (13 Márta). Beidh deis ag éinne ar mhaith leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh a bhualadh isteach orainn agus uair nó dhó a chaitheamh i gcomhluadar taitneamhach sultmhar. Beidh sólaistí méir, tae/caifé agus deochanna curtha ar fáil ag an gcoiste agus tá súil againn slua mór a fheiceáil ar an lá.

https://peig.ie/imeachtai/an-irish-afternoon-ciocal-comhra/

Snag22-3.jpg

Tá Cill Mhantáin ag imirt i gcoinne Co. na Laoise ar an nDomhnach in Eachroim agus beidh cuid dár n-iarscoláirí ag imirt ar an lá. Chomh maith leis sin, beidh Rang 6 ag imirt sna cluichí leath-ama i gcoinne páistí Gaelscoile eile sa chontae agus ba mhaith an rud dá rachadh slua ón scoil chun tacú leo ar an lá. Beidh ócáid Pop Up Gaeltacht ar siúl ar an lá eagraithe ag coiste CLG an chontae agus roinnt deiseanna mar sin againn ár nGaeilge a roinnt go bródúil i measc lucht leanta an Chontae. Beidh múinteoirí ón scoil i láthair ar an lá agus beidh Dojos gan teorainn le bronnadh ar dhaltaí atá ag labhairt i nGaeilge ann.

As part of our celebrations for Seachtain na Gaeilge this year, Coiste na dTuistí and the Africa Irish Society of Wicklow (AISW) have arranged an social event in the school for this coming Saturday (13 March). This will be an opportunity for anyone who would like to practise their Gaeilge to drop in and spend a couple of carefree hours amongst friends. There will be finger food and teas/coffees and drinks provided on the day by the coiste and we hope to see a good crowd on the day.

Wicklow are playing Laois on Sunday in Aughrim and some of our past pupils will be representing the county on the day. As well as this, Rang 6 will be playing in the half-time matches against other Gaelscoileanna from the county and it would be great if we sent along a good crowd to cheer them on. The Wicklow County Board have organised a Pop Up Gaeltacht event for the day in Aughrim and it would be a great chance for us to use or Gaeilge loudly and proudly amongst the Wicklow faithful. There will be múinteoirí there on the day and there will be Dojos to be won for any pupils using their Gaeilge on the day. Cill Mhantáin abú! An Ghaelscoil abú!

SnaG22-2.jpeg

Meith
01 2026
Briseadh meán-téarma an tSamhraidh
Meith
11 2026
Lá Oiliúna Foirne
28-Aib-2026

FAI

Rinne na cailíní sacar ar fheabhas ag an FAI, Fuaireadar an dara áit sa cluiche ceannais an chontae! Maith sibh uilig!
24-Márta-2026
Beidh an Ghaelscoil ag glacadh páirte arís i mbliana sa chlár Food Dudes, chun ithe torthaí agus glasraí a spreagadh i measc na ndaltaí. Seo an ceathrú bhliain dúinn sa chlár seo agus tá súil againn go mbainfidh na daltaí tairbhe as.
18-Márta-2026
Tá na múinteoirí ag obair le na ranganna éagsúla ag múineadh faoin iléagsúlacht agus faoi conas ciníochas a aithint, a sheachaint agus a stopadh.  Tá an Lá Dearg Naisiúnta le bheith ar Aoine 20 Márta, ach os rud é go mbeimid dúnta an lá sin, beidh lá
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir