Seachtain na Rothar

Tá an tír uilig ag ceiliúradh Seachtain na Rothar agus rinne muidne an tseachtain a cheiliúradh sa Ghaelscoil le M.Emma agus M.Daniella a tháinig chugainn le rothair agus cluichí agus gníomhaíochta le déanamh le na daltaí ar an gCéadaoin.
17-Bealtaine-24
Seachtain na Rothar

Tá an tír uilig ag ceiliúradh Seachtain na Rothar agus rinne muidne an tseachtain a cheiliúradh sa Ghaelscoil le M.Emma agus M.Daniella a tháinig chugainn le rothair agus cluichí agus gníomhaíochta le déanamh le na daltaí ar an gCéadaoin. Faraor, ní raibh am acu gach rang a dhéanamh ach déanfar na ranganna eile amach anseo ar lá éigin eile.

Ar ábhar eile, tá na Gardaí chun caint a dhéanamh sa leabharlann ar an Satharn seo (amárach) maidir le sábháilteacht rothair, agus tá fáilte roimh na daltaí ar fad. Gach eolas ar an mbileog thíos.

Bike Safety with Garda.png

The whole country is marking Bike Week this week and we celebrated in the Gaelscoil with M.Emma and M.Daniella who spent the day with us on Wednesday with bikes, games and activities for the classes. Unfortunately, they did not have time to do every class, but the remaining classes will get a chance to do the day in the near future.

On a related matter, the Gardaí will be giving a talk on Bike Safety in the leabharlann this Saturday (tomorrow), and all our our pupils are welcome. All information is on the leaflet above.

No events found
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
19-Meith-2026
Bhí lá iontach againn ar an Mháirt ar an lá spóirt agus bhain na ranganna uilig sult as an lá amuigh faoin aer. Míle buíochas le M.Katie a d'eagraigh gach rud agus leis na hiardaltaí a tháining ar ais chugainn chun cabhrú ar an lá.
12-Meith-2026
Is maith linn ócáid mhór a chur ar siúl chun slán a fhágáil le Rang 6 and le roinnt blianta anuas tá puball ardaithe ar shuíomh na scoile chuige seo.  Tá ár bpuball féin againn anois ach tá meitheal oibre uainn chun é a ardú.  Tá sé i gceist againn t
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir