Aistear

Aistear

Is creatchuraclam é Aistear do pháistí in Éirinn ó bhreith go sé bliana d’aois. Tá faisnéis ann do dhaoine fásta chun cuidiú leo eispéiris thaitneamhacha dhúshlánacha a phleanáil agus a sholáthar, le go mbeidh gach páiste ina fhoghlaimeoir inniúil féinmhuiníneach agus caidreamh ghrámhara le daoine eile á gcothú aige. In Aistear, cuirtear síos ar na cineálacha foghlama (meonta, luachanna agus dearcadh, scileanna, eolas agus tuiscint) atá tábhachtach do pháistí i mblianta na luathóige.

Tá ceithre théama ag Aistear:

  • Folláine & leas
  • Féiniúlacht agus muintearas
  • Cumarsáid
  • Taiscéalaíocht & smaointeoireacht

Sa Ghaelscoil anois táimid ag baint úsáid as na téamaí míosúla seo a leanas chun foclóir, nathanna agus obair scríofa na téamaí seo a mhúnlú do na naíonáin ar shlí taitneamhach & spraíúil.

  • Ar Scoil

  • Oíche Shamhna/ An Fhómhar

  • An Fheirm

  • An Nollaig

  • Siopa Éadaí

  • Oifig an Phoist

  • Spás

  • An Dufair

  • An Bialann / An Dochtúir

  • An Trá

Aistear is a framework curriculum for children in Ireland from birth to age six. It provides guidance to adults to help in planning and provision enjoyable and challenging experiences so that every child will be an engaged and confident learner, while developing loving relationships with others. In Aistear, different kinds of learning (attitudes, values, opinions, skills, knowledge and understanding) important to children in their early years are described.

Aistear has four themes:

  • Health & wellbeing
  • Identity & belonging
  • Communication
  • Exploring & thinking

In the Gaelscoil we use the monthly themes listed above model vocabulary, phrases and written work to the children in an enjoyable and playful way.

DFómh
26 2026
Briseadh meán-téarma na Samhna
Samh
10 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
14 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
22 2026
Saoire na Nollag
Feabh
01 2027
Lá 'le Bríde
03-DFómh-2026
Ghlac lúthchleasaithe ó Rang 3, 4 & 5 páirt ar an Mháirt sa chéad comórtas reatha in Abhainn Dála agus ba dheas geansaí na scoile a fheiceáil arís i gcomórtas i gcoinne scoileanna eile an chontae.
30-MFómh-2026
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar an Ráiteas um Choimirciú Leanaí agus Measúnacht Phriacail agus úsáid na teimpléid riachtanacha is déanaí. Tá an leagan is déanaí le feiceáil ...
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir