Liostaí Leabhar - 2025/26

Liostaí Leabhar - 2025/26

Tá an Roinn Oideachais i ndiaidh maoiniú a chur ar fáil do scoileanna ionas nach thitfidh costas na leabhair agus cóipleabhair ar na tuistí as seo amach. Ullmhóidh na múinteoirí na liostaí leabhar mar is gnáth, ach is an scoil féin a cheannóidh gach rud. Níl aon ghá mar sin na liostaí a fhoilsiú anseo a thuilleadh.

Cé go gceannóimid na leabhair agus na cóipleabhair agus trealamh ar nós taos, siosúir srl, fágfar fúibh féin stáisinéaracht pearsanta a cheannach .i. cás peann luaidhe agus dathanna (marcóirí nó pinn luaidhe daite). Seachas sin, is féidir glacadh leis go gceannóidh an scoil gach rud eile a bheadh de dhíth ar na daltaí.

Cosúil le gach bhliain eile, beidh téascsleabhair áirithe ceannaithe ag an scoil nach mbeidh sé i gceist go scríobhadh na daltaí iontu. Bheadh muid ag iarraidh roinnt blianta a fháil as na leabhair seo roimh cinn úra a cheannach. I gcás na leabhair oibre srl a bhíodh á cheannach ag na tuistí go dtí seo, beidh na daltaí ag scríobh iontu mar is gnáth, agus ceannófar leaganacha nua gach bhliain.

The Dept of Education has provided funding to schools so that the costs of school booklists will no longer be borne by parents. The múinteoirí will prepare the booklists as usual, but it is the school itself that will buy everything. There is no longer any need to publish the booklists here as in the past.

While we will buy all the books and copybooks and equipment such as glue, scissors etc, it is left to the parents to purchase personal stationery i.e. a pencil case and colours (markers or colouring pencils). Apart from that, it may be assumed that the school will buy everything else the children will need.

As in previous years, certain textbooks that have always been bought by the school are not to be written in by the pupils. We would expect to get a number of years use from these before having to buy new ones. In the case of workbooks etc that were previously bought by parents, pupils will be able to write in these as before, and the school will buy new ones each year.

DFómh
26 2026
Briseadh meán-téarma na Samhna
Samh
10 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
14 2026
Lá oiliúna foirne
Noll
22 2026
Saoire na Nollag
Feabh
01 2027
Lá 'le Bríde
03-DFómh-2026
Ghlac lúthchleasaithe ó Rang 3, 4 & 5 páirt ar an Mháirt sa chéad comórtas reatha in Abhainn Dála agus ba dheas geansaí na scoile a fheiceáil arís i gcomórtas i gcoinne scoileanna eile an chontae.
30-MFómh-2026
Rinne Bord Bainsitíochta na scoile athbhreithniú aréir ar an Ráiteas um Choimirciú Leanaí agus Measúnacht Phriacail agus úsáid na teimpléid riachtanacha is déanaí. Tá an leagan is déanaí le feiceáil ...
26-Meith-2026
D'fhágamar slán le Rang 6 inniu don uair deireanach agus cé gur chúis bhróin dúinn é scaoileadh leo, táimid bródúil astu agus lán le dóchas don todhchaí iontach atá rompu.
24-Meith-2026
Déanann pobal Ghaelscoil an Inbhir Mhóir comhbhrón ó chroí le clann, le gaolta agus le cairde Sheáin Uí Bhroin, iardhalta de chuid na Gaelscoile, atá imithe ar shlí na fírinne an tseachtain seo.  Ba dheacair ...
© 2026 Gaelscoil an Inbhir Mhóir